
Spreagadh Saoil
By Seán Ó Duinnín

Spreagadh SaoilJan 02, 2021

Áilleacht na Timpeallachta agus Fiaghabhair le Fána! Comhrá le Dara Ó Cinnéide

Athléimneachas & meabharshláinte. Plé leis an Dr Séamus Ó Ceallaigh

Cairde, clann, comhluadar grámhar. Nell Ní Chróinín

Cairdeas

Peadar Ó Riada - Pobal, Spioradáltacht, Nádúr & Cruthaitheacht

Mise Ciara - comhrá le Ciara Ní É faoin spreagadh a fhaigheann sí ó dhaoine agus ón nasc daonna.

Dóchas, dearfacht agus oidhreacht. Comhrá le Dónal Ó Laoire, Béal Átha’n Ghaorthaidh

“Sláinte chugatsa agus breis agus sláinte chugamsa leis!”
An dtógann tú do shláinte dáiríre nó an athsmaoineamh (afterthought) é? An dtarlaíonn do nósanna sláintiúla trí sheans nó d’aon ghno? An cineáltas is fearr gur féidir a leiriú duit féin ná aire a thabhairt dod’ shláinte intinne agus coirp.

'Anseo?' Níl againn ach an mhóimint. Níl againn ach anois. Bímis anseo le taitneamh a bhaint aisti.
Tá imní orainn agus níl a fhios againn cad ina thaobh. Táimid buartha faoin méid a tharla inné. Faoin gcruinniú atá againn amárach. Faoin aimsir don deireadh seachtaine.
Nuair a bhímid gafa le tuairimí nó buairt nó ábhair mhóra an tsaoil, bímid in áit éigin eile - san aimsir chaite nó sa todhchaí. Ach, ní bhímid 'anseo.'

“Fan sa nóimeat!” Liadh Ní Riada ag plé cleachtais agus nósanna dearfacha an tsaoil.

Faoi Bhláth nó ag Fulaingt?
Tarlaíonn fulaingt nuair a cheapann tú gur chóir go mbeadh rud amháin agat agus faigheann tú rud eile, níos measa, ina ionad.
Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár dtuismitheoirí, ach ní féidir.
Ba chóir go mbeimis in ann bualadh lenár gcairde, ach ní féidir.
Ba chóir go mbeimis in ann freastal ar an scoil, an ollscoil, ar obair, ach ní féidir.
Faightear fulaingt sa spás idir ionchas (expectation) agus réaltacht (reality).
Tá réiteach ar an bhfulaingt san aigne. Tá an réiteach agat féin.

Sonas sa Chairdeas - Ar scáth a chéile a mhairimid. Táimid ag brath ar a chéile le bheith sona.
Léiríonn an taighde go mbíonn daoine sásta agus sona má chaomhnaíonn siad cairdeas go fadtéarmach. Tá tábhacht faoi leith leis an gcairdeas idirphearsanta anois agus sinn scartha amach óna chéile. Ach, is feidir linn teagmháil a dhéanamh lena chéile. Is feidir linn cairdeas a chaomhnú. Agus a bheith sona.

Féin-fheasacht, buíochas & cairdeas. Comhrá le Páidí Ó Lionáird.

Plé le Tré - Comhrá le Toirdealbhach Ó Lionáird faoi dúshláin, dearfacht & dea-nósanna.

Dáithí ÓSé ag comhrá faoin méid a spreagann é.

Spreagadh, Snámh, Buíochas Gach Lá

Fallaí Imní

“Bí dílis duit féin.”

Fadhb ar Bith!

Déan Nós agus Bris Nós

‘Rós, Rós, Dealg, Bachlóg’

Rud Amháin ag an Am
